Suíomh / Location
Tá baile fearainn an Ardghoirt suite sa leath thoir de Chléire. Tá 88 acra, 2 cheathrú, 5 phéirse san achar ann. ’S é an taobh ó dheas is airde, 500 troigh in áiteanna. Síneann sé ó fharraige go farraige, ón mBá Thuaidh go dtí An tAigéan Atlantach.
Daonra/ Population
Chónaigh 74 duine ann sa bhliain 1841. Faoi 1851 bhí líon na ndaoine ann titithe go 52, figiúir a sheas i nDaonáireamh 1861. Ghéaraigh ar an titim, le 34 ann sa bhliain 1871, 30 i 1881 agus 32 i 1891. Buanchónaí ar bheirt a bhí in Ardghort sa bhliain 2003.
Tírdhreach / Landscape Description
All land held by tenants, no leases. Rent £36 per year. Farms from 1/28 th. to 1/2 of the townland. Soil light and rocky, produces light crops of wheat and potatoes and with a small share of flax NB (1839/40), [Ordnance Survey Name Book].
Cúig ghabháltas talaimh atá ar an Ardghort agus is ó airde mhórchuid den talamh ann a fuair sé a ainm. Tá páirc amháin ann agus ’s é an tArdghort a thugtar uirthi. Ní fheadar an ón mbaile a ainmníodh an pháirc nó an tslí eile timpeall DSD.
Townland Name variations
For the purposes of the Cork Place Name Survey, variations in townland names were collected from both oral and documented sources for every Cork townland. Those for the Townland of Ardghort are presented here.
A full bibliography of oral and documentary sources consulted for the Cork Place Name Surveys is provided in each parish volume in the Cork Place Name Archive at Cork County Library.
1614 | Ardgrott CPR. | [Calendar of Patent Rolls] |
c. 1655-59 | Ardgrot and Parke DSM. | [Downe Survey Map] |
c. 1670 | Ardgrot and Parke BSD. | [Book of Survey & Distribution] |
1832 | Ardgurth RW 26. | [Robert Wilson Lighthouse Keeper] |
1833 | Ardgurt TAB. | [Tithe Applotment Book] |
1839 | Ardgurt BSM. | [Boundary Survey Map] |
1840 | Ardgurt NB. | [Ordnance Survey Name Book] |
1840 | Ard-gort NB. | |
1840 | Ardgurth. | [Tithe Ledger and NB.] |
1840 | Ardgort, JOD | [NB. Ordnaance Survey Name Book] |
1841 | Ardgort SO 1, 2. | [Ordnance Survey Map 1842 & 1899] |
1918 | Ard-gort, highfield JPC 60. | [James Conlon article, JCHAS]] |
1938 | An tArd Ghort RBÉ 609:215. | [Roinn Béaloideas Éireann] |
1940 | An t-Ardghort LSC 1, 2. | RBÉ 609:282-3. |
1973 | Ardgort NHC 33. | [Natural History of Cape Clear] |
1975 | An tArdgort = ‘The High Field’ MFC 133 | [Man from Cape Clear] |
1976 | An t- Ardghort DSD. | [Donnchadh S. Ó Drisceoil] |
1990 | An t-Ardghort CFC 80. | [Céad Fáilte go Cléire] |
2004 | An tArdghort | www.logainm.ie |
NOTE:
Numbers on placenames below refer to Map locations of named places and features in the townland.
A listing of the names and addresses of the Collectors and Suppliers of the placenames are given for every townland in the volumes of the Cork Place Name Survey Archives at Cork County Library.
All documentation consulted for placename references to places and features in each townland are also given in the volumes of the Place Name Archives.
No. | Name | Abb. | Description |
---|---|---|---|
1. | Gort an Ghainimh Gort an Ghainimh Thoir |
MC [Mamie Ní Chéadagáin] BCC [Cape Clear Primary School Collection] |
Dúrthas go séidtear sáile na farraige agus gaineamh na trá isteach anseo. Bhí tábhacht nár bheag le gaineamh trá i gcúrsaí tógála agus feirmeoireachta Chléire. D'úsáidtí gaineamh agus lóch mar leasú talún. Bhí na baill a b'fhearr lóigh mar Phoillín an Lóigh agus na baill ab fhearr gainimh ar nós Chuas na Gainimhe i gCléire agus Cuas an Ghainimhe ar Lao Oireach i mbéal daoine den riachtanas. Ar an aistear farraige ó Dhún na Séad go Cléire feictear Oileán an Ghainimh nó Sandy Island mar is fearr aithne air anois. |
2. | Gort an Ghainimh Láir | MC, BCC [Cape Clear Primary School Collection] | |
3. | Gort an Ghainimh Thiar | MC | Dúrthas go séidtear sáile na farraige agus gaineamh na trá isteach anseo. Bhí tábhacht nár bheag le gaineamh trá i gcúrsaí tógála agus feirmeoireachta Chléire. D'úsáidtí gaineamh agus lóch mar leasú talún. Bhí na baill a b'fhearr lóigh mar Phoillín an Lóigh agus na baill ab fhearr gainimh ar nós Chuas na Gainimhe i gCléire agus Cuas an Ghainimhe ar Lao Oireach i mbéal daoine den riachtanas. Ar an aistear farraige ó Dhún na Séad go Cléire feictear Oileán an Ghainimh nó Sandy Island mar is fearr aithne air anois. |
4. | Páirc an Choiréil An Coiréalr MC Quarry FP |
CD [Field Plan-OS] |
Is anseo a gearradh an tslinn do dhíonta tithe tráth. Bhí coiréal eile slinne ag Faill na Binne agus ba ansin a gearradh an tslinn do dhíon an tSéipéil a tógadh i Lios Ó Móine sa bhliain 1839. Tá cuid de shlinn Chléire le feiscint ar roinnt tithe ar an oileán fós. Clúdaíodh falla thiar an tSeanTúir ar Chnoicín an tSeabhaic le roinnt eile den slinn chéanna. Is cosúil go raibh an coiréal seo in Ardgort in úsáid i bhfad siar mar tá 'Quarry' ar Fair Plan na Suirbhéireachta Ordanáis don bhliain 1840. Luaitear sa Name Book de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis go raibh díon slinne ar an Séipéal i Lios Ó Móine a tógadh 1839. Is dóichí gur ón gcoiréal seo a tháinig slinn an tSéipéil agus slinn díon tí Chonnie Con. |
5. | Garraí Beag | MC, BCC | |
6. | Garraí Chonchúir an Táilliúra | MC, BCC | Garraí le Conchúr Ó Drisceoil, i.e. 1850 Cornelius Driscoll luaite sa Valuation Book. Tá an Chlann Drisceoil líonmhar i gCléire agus ar fud Iarthar Chorcaí le fada. Tá stair agus oidhreacht na clainne cíortha ag údar an tsaothair seo in O Driscolls:Past and Present (2005), Éamon Lankford. Garraí Thaidhg an Táilliúra MC Garraí le Tadhg Ó Drisceoil, i.e. 1916 Timothy Jr. Driscoll luaite sa Valuation Book. Tá beagán de rian chabhlach tí Chonchúir fós ann. Forshloinne a ghaibh le clann de mhuintir Drisceoil ba ea 'Táilliúir'. Bhí fáil ar na 'Táilliúirí' sna bailte fearainn: An tArdghort, Ceathrúna agus Gort na Lobhar. Bhí tigh agus talamh i seilbh Thaidhg Uí Dhrisceoil nó Tadhg an Táilliúra, i.e. Timothy Jn. Driscoll dar leis an Valuation Book do Ghort na Lobhar thart ar 1916. |
7. | Gort Mór | MC | Tugtar Garraí na Galltachta ar an ngort seo, leis. Thugtaí Gort Gabhála nó Gort Gallda air chomh maith tráth. Dhá ghort a bhíodh ann, Gort Gall Íochtair agus Gort Gall Uachtair. |
8. | An Gort Láir | MC | Cuid de Ghort Gall Íochtair í. |
9. | Cabhlach Chonchúir an Táilliúir | CD | Cabhlach le Conchúr Ó Drisceoil. Drisceolaigh ba ea 'Na Táilliúirí'. Tigh tréigthe a bheadh ag titim anuas ar a chéile is ciall le 'cabhlach' i gcaint Chléire. Deir DSD nár chuala sé riamh 'fotharach' nó 'fothrach' á thabhairt ar sheantigh a bheadh titithe ar a chéile. Cf. Garraí Chonchúir an Táilliúra A 6 |
10.a | Gort an Bhuime | CD [Conchúr Ó Donnchú]. BCC | Tharlódh go raibh cónaí anso ar bhean freastail nó banaltra. DSD Cf. 'Buimech (buime), (nurse)' DIL., Béarla 237; 'Buime, foster mother, nurse ' FGB [Foclóir Gaeilge Béarla]. Gort an tSéipéil CD Deirtear go raibh séipéal anseo uair éigin agus go mbíodh clog séipéil le cloisint dá bhualadh ann maidneacha Domhnaigh. Tugtar Gort an Bhuime air chomh maith CD. |
10.b | Gort an Bhuime | CD [Conchúr Ó Donnchú]. BCC | Tharlódh go raibh cónaí anso ar bhean freastail nó banaltra. DSD Cf. 'Buimech (buime), (nurse)' DIL., Béarla 237; 'Buime, foster mother, nurse ' FGB [Foclóir Gaeilge Béarla]. |
10.c | Gort an tSéipéil | CD | Deirtear go raibh séipéal anseo uair éigin agus go mbíodh clog séipéil le cloisint dá bhualadh ann maidneacha Domhnaigh. Tugtar Gort an Bhuime air chomh maith CD. |
11. | Cabhlach Mháire Chiaráin | CD |
Cabhlach le Máire Ní Drisceoil, i.e. 1864 Mary Driscoll sa Valuation Book. B'fhéidir gur ó Mháire Ní Drisceoil, i.e. 1907 Mary Driscoll luaite sa Valuation Book do ainmníodh. Máire, iníon le Ciaráin Ó Drisceoil atá ainmnithe. |
12. | Gort an Tí | CD |
|
13. | Páirc an tSéipéil Garraí an tSéipéil |
CD, BCC CD |
Deirtear go raibh séipéal ar an láthair seo tráth. |
14. | Carraig Ghort an Bhuime Carraig an tSéipéil |
CD CD, BC [Bill Curtin] |
|
15. | Ardán Uachtair An tUachtar |
CD CD |
Airde réidh sa talamh le slios amháin géar. |
16. | An Dromán | CD, BCC |
Ardaíonn an talamh anseo. |
17. | An Dromán | CD | |
18. | Tobar an Dromáin | CD | Deineadh taisceadán uisce reatha poiblí a thógaint timpeall ar an tobar c.1966. |
19. | An Port | CD | Sníonn sruthán ón bPort go Tobar an Dromáin. |
20. | Ardán Íochtair | CD | |
21. | Gort an Chúinne | PTD [Pádraig “Timsey’ Ó Drisceoil] | |
22. | An tÍochtar | PTD | |
23. | An tÍochtar | PTD | |
24. | Gort an Scamaill | PTD | |
25. | An Gort Láir An Pháirc Láir |
PTD PTD |
|
26. | Garraí Cháit Ní Dhálaigh | PTD | Garraí le Cáit Ní Dhálaigh, i.e. 1846 Kate Daly luaite i Clár Baistí Chléire. Bhí tigh sa gharraí sin tráth ach níl rian de le feiscint inniu. Tá tobar ann i gcónaí agus ní théann sé riamh i ndísc. |
27. | Garraí na Carraige | PTD | |
28. | Garraí an Aitinn | PTD | Tá an tAiteann Gaelach go flúirseach le fáil i gCléire. Dheintí go leor úsáid a bhaint as aiteann ins an oileán tráth. Dob é an tAiteann Gaelach a dheintí a úsáid mar ábhar tine chun cócráltha agus beiriúcháin. Bhaintí úsáid, leis, as mar bhia do chapaill. |
29. | Cnocán | PTD | |
30. | An Charraig Carraig Mhaidhc |
PTD DSD [Donncha Shéamais Ó Drisceoil] |
Tá an charraig ainmnithe ó Mhaidhc Ó Drisceoil nó Maidhc Chonchúir Mhiocain Ó Drisceoil. Tá sí ar an mbóthar lasmuigh de gheata Thigh Dhonncha Uí Dhálaigh. |
31. | Garraí Thaidhg Bháin DSD | DSD | Garraí le Tadhg Ó Drisceoil, i.e. 1849 Tim Driscoll FB. |
Garraí Dhonncha Bháin | DSD |
Garraí le Donncha Ó Drisceoil, i.e. I850 Denis Driscoll & Tim FB. [Field Book] Tharlódh gur de shliocht Dhiarmada Bháin Ó Drisceoil, Tadhg Bán. |
|
Páirc an Tobair | ND [Nóra Ní Dhálaigh] | ||
32. | An Currach | DD [Dónal Ó Drisceoil] | |
33. | An Currach | DD [Dónal Ó Drisceoil] | |
34. | Goirtín na dTriún Goirtín an dTriúin Íochtair Garraí na dTonn |
ND, Goirtín an dTriúin ND ND BCC |
Tugadh Garraí na dTonn leis air (BCC 1965). Is dócha gur Goirtín na dTriún ('of the strong') atá san ainm ó cheart. Tá Garraí na dTonn agus Goirtín an dTriúin ar ghabháltas Dhonncha Uí Dhálaigh. Luann bailitheoirí éagsúla an dá ainm seo in BCC ach ní fios cá bhfuil suíomh Gharraí na dTonn, munar ionann é agus Garraí an dTriúin [Ciallaíonn 'Triuin', bocht; tagairt do chaighdeán na talún anseo, is cosúil. Cf. 'Triuin, indigent' FGD – [Foclóir Gaeilge Béarla]], nó Garraí na dTomhan a bhrí bfhéidir. |
35. | Garraí an dTriún Uachtair | ND | |
36. | Port | ND | |
37. | Cnocán | ND | |
38. | Garraí Caol | ND | |
39. | Gort na hAbhann | ND | |
40. | Gort an Ghrafaidh | ND | Gort a dheintí a shaothrú le grafán. 'Sé atá i ngrafadh ná áit a rómhartar chun saothraithe. Dianobair allasmhar ba ea grafáil leis an ngrafán, uirlis a bhfuil déanamh an táil air, ach é go mór níos mó agus níos gairbhe' [Béaloideas 13 (1943), 24]. Thugtaí "graffing" nó "grubbing" sa Bhéarla ar oibriú na talún le grafán. "I'd rather be graffing," a déarfadh duine in Iarthar Chorcaí a gheobhadh míbhlas ar chúram éigin. |
41. | Cnocán | EÓD [Eoin Ó Dálaigh] | |
42. | Garraí Beag | MC, EÓD | |
43. | Páirc an Tobair An Pháirc Mhóir |
DSD PSD |
|
44. | Gort an Tí | PSD |
|
45. | Páirc an tSeomra | PSD | |
46. | Tobar Mháire Mháirín Tobar Nóra Ní Shíocháin |
PSD PSD [Pádraig Shéamais Ó Drisceoil] |
Ainmnithe Ó Nóra Ní Shíocháin, i.e. 1863 Norry Sheehan CRB. [Cape Clear Register of Baptisms] |
47. | An Leacain Leaca Nóra Ní Shíocháin |
PSD DSD |
Tugtar an t-ainm céanna ar an bpíosa den bhóthar taobh amuigh de Thigh Dhonncha Uí Dhálaigh A 114. |
48. | Cabhlach Nóra Ní Shíocháin | DSD | Tá píosa den chabhlach le feiscint ann (2006) in aice an gheata chuig tigh Pat. Con Ó Drisceoil. |
49. | An Pháirc Mhóir | PSD | |
50. | Garraí na gCabhlaí Na Cabhlaí |
EÓD CD, BCC |
Cf. Cabhlach C 89. |
51. | Tigh Sheosaimh Uí Dhálaigh | EÓD | Ainmnithe ó Sheosamh Ó Dálaigh, i.e. 1876 Joseph Daly VB. [Valuation Book] My great, great grandfather came in from Cononagh near Leap (Skibbereen, Co.Cork), and he worked as a stone mason building houses on the island. He was either Micheál or Donncha Ó Dálaigh. He married in Cléire and had a son Pádraig and another Seosamh, who was Nelly Daly's grandfather [Cf. (i) Tigh Sheosaimh Uí Dhálaigh GL 39; (ii) Tigh Neill GL 38]. My great, great grandfather had a brother Eoin, who also came and settled in Cléire EÓD. Is ó Eoin Ó Dálaigh a ainmníodh Futhar Eoin [GL 48] agus Garraí Eoin Mhóir [GL 49]. |
52. | Garraí Sheáin Mhic Giolla | EÓD, BCC | Garraí le Seán Ó Drisceoil, i.e. 1850 John Driscoll HB. Tá sé laisteas de Thigh Dhonncha Uí Dhálaigh. Tá seanchabhlach le 'Seán Mac Giolla' ann i gcónaí. Drisceolaigh ba ea ‘na giollaí’. MÓD [Micheál Ó Dálaigh] |
53. | Garraí Liodáin Gort an Liodáin |
ND CFC 89 [Céad Fáilte go Cléire] |
Lus thart ar cúig throigh ar airde 'sea An Liodán Ucaire (Dipsacus sylvestris). Tá sé chomh deilgneach le gráinneog. Éin a scaipeann síol crua an Liodán Ucaire murab ionann agus síol lusanna eile ar nós an Liodán Liosta (Arcticum lappa), an Garbhlus (Galium aparine) a bheirtear timpeall agus é in achrann éadaí daoine nó i bhfionnadh ainmhithe. Is i ndeireadh an tSamhraidh a bhláthaíonn sé. Bhaineadh an tUcaire úsáid as a mhionbhláthanna liathchorcra i maisiú éadaigh [Bláthanna an Bhóithrín (Eagn. Nua 1965), 64-66]. |
54. | Garraí Beag | ND, BCC | |
55. | An tArdghort | ND | Tá talamh ard ann. Is mór idir airde agus dreach na háite seo agus an chuid íochtarach den bhaile fearainn. |
56. | Garraí Goirtín an Tae | ND, BCC | Bhí an t-ainm Garraí Goirtín an Tae ag MÓD agus DSD chomh maith, ach ní raibh aon mhíniú acu air. |
57. | Leaca an Ardghoirt | ND | |
58. | Garraí Beag | ND, BCC | |
59. | Garraí Mhuiris | EÓD, BCC | East of the old ruin was the thatched house, the original Daly home. There is a little road in between the two. The old ruin is at the end of Garraí Mhuiris. Tá cloch mhór ann EÓD. |
60. | Cnocán MÓD | BCC |
In Cape Clear Island in the East end of Ph. Bounded on the North and South by the Atlantic Ocean, on the East by the Tld. of Carhoona and on the West by the Tld. of Gurtnalour. In the Barony of the East Division of West Carbery and Co. Cork. NB Proprietor Sir William Wrixon Beecher Ballygibbin, Mallow. Agent, Rev. N. Beecher, Ballygibbin, All land held by tenants, no leases. Rent £36 per year. Farms from 1/28 th. to 1/2 of the townland. Soil light and rocky, produces light crops of wheat and potatoes and with a small share of flax NB